Feature Articles

CIÚNAS by Gabriel Rosenstock

A meditation on the poem silencio by Eugen Gomringer

( Poetry Ireland News, January / February 2013)

Ba sna caogaidí luatha a chum Eugen Gomringer an tost-dán coincréiteach, silencio. Is mar seo a fhéachann sé sa Ghaeilge:

            ciúnas ciúnas ciúnas
            ciúnas ciúnas ciúnas
            ciúnas             ciúnas
            ciúnas ciúnas ciúnas
            ciúnas ciúnas ciúnas

Ar shlí d’fhéadfá a rá go bhfuil pictiúr teibí cruthaithe aige dúinn ach ní teibí ar fad atá sé, ar ndóigh, mar go dtuigimid an focal atá ann. Ciúnas! Mothaímid an focal. Agus mothaímid an spás a d’fhág sé i lár an dáin chun brí an fhocail a chur in iúl. Mothaímid an ciúnas.
Tá spás bán ar dhá thaobh an dáin chomh maith agus, arís, faoina bhun agus os a chionn, an spás céanna a shantaíonn an haiku. Éilíonn an dán coincréiteach an rud céanna ar an léitheoir is a éilíonn an haiku – is é sin, an dán a chríochnú, bunaithe ar an leid atá tugtha duit. An tost a líonadh. Lenár dtost féin.

Bhí an-rath ar an bhfilíocht choincréiteach ag an am, san Eilvéis, sa Bhrasaíl, sa tSeapáin agus in áiteanna eile ar fud an domhain. Is iontach nár chleacht na Gaeil é mar is spéis linn focail, go mór; go leor leor de na dánta coincréiteacha is cáiliúla amuigh níl iontu ach focail. Focail choincréiteacha, mar a déarfá. Táim á rá liom féin le dhá scór bliain anuas go gcaithfidh mé tabhairt faoin ealaín seo luath nó mall. Tabharfad.

Thuig Gomringer chomh fada siar le 1953 go raibh athruithe ag teacht ar ar an bhfocal, ar theangacha, ar fhriotal, go mbeadh an ghontacht i réim sula i bhfad. An bhfaca sé an nuachtán tablóideach ag teacht, an bhfaca sé twitter ag teacht? Ní baol don fhilíocht iad na hathruithe seo atá ag teacht ar theangacha, dar leis. Caithfear leas a bhaint as ceannlínte agus sluaghairmeacha. Teanga idirnáisiúnta (nó, go deimhin, osnáisiúnta/ for-náisiúnta) a bheadh san fhilíocht choincréiteach, arsa Gomringer, agus í chomh sothuigthe le comharthaí bóthair nó foirmlí eolaíochta coitianta!

Chonaic sé litreacha ag teacht in áit focail: cuimhnigh ar na giorrúcháin go léir a bhfuil taithí againn orthu: USA, IRA, EU, ESB, OMG etc. agus  an foclóir nua a úsáideann lucht téacsála.

Ar ndóigh, Bolavach ab ea Gomringer agus cónaí air san Eilvéis mar sin bhí cúlra idirnáisiúnta aige agus scata teangacha ar a thoil aige, an Spáinnis agus an Ghearmáinis ina measc. Chonaic sé an domhandú ag teacht agus bás teangacha, bás a bheadh mar thoradh ar chrapadh an domhain.

Bhí Gomringer an-dáiríre faoin méid a bhí ar siúl aige. Ní spraoi amháin a bhí sa dán coincréiteach ach iarracht mhacánta ar an gcaidreamh atá againn le focail agus leis an teanga féin a thástáil, a phromhadh agus a chur in iúl, an bhéim ar an bhfocal seachas ar ghramadach agus ar chomhréir.

Duine a ndeachaigh an fhilíocht choincréiteach i bhfeidhm air ná an Danmhargach Vagn Steen a raibh plean aige leabhair a eisiúint a mbeadh leathanaigh phollta iontu a chuirfeadh ar chumas an léitheora dánta nár thaitin leis a stracadh amach as na leabhair gan dua! Arbh fhiú d’fhoilsitheoirí  Gaeilge cuimhneamh ar a leithéid de sheift?

D’fhoilsigh Steen leabhar dar teideal Scríobh Féin É. Bhí ort féin an fhilíocht a scríobh. Ní raibh sa leabhar ach leathanaigh bhána. Díoladh amach é!

Féachaimis arís ar an dán thuas ag Gomringer, an uair seo sa Ghearmáinis:

                                   schweigen schweigen schweigen
                                   schweigen schweigen schweigen
                                   schweigen                   schweigen
                                   schweigen schweigen schweigen
                                   schweigen schweigen schweigen

Oibríonn sé ar leibhéil éagsúla, an leibhéal spioradálta san áireamh. An meabhraíonn sé laethanta ár n-óige dúinn nuair a bhíodh síor-athrá ar siúl, an aibítir is nithe eile á gcur de ghlan mheabhair againn, siollaí gan bhrí san áireamh ach go mb’fhéidir go raibh brí leo ar a shon san, Laidin na hEaglaise, dúfhocail, paidreacha agus eile? Cé chomh minic is a dúradh ‘Ciúnas!’ linn ag baile nó ar scoil?

Tá an chuid is doimhne dínn féin sa spás bán sin i lár an dáin, an chuid is lárnaí agus is mistéirí dínn –  nach ‘cuid’ dínn é i gceart (faoi mar is cuid dínn iad focail, abair) ach an t-iomlán. Maíonn Gomringer gur dán is ea an dán coincréiteach, dán ann féin seachas dán faoi rud éigin. Tá an ceart aige. Nach bhfuil?


Recent books by Gabriel Rosenstock are Rogha Dánta K. Satchidanandan, versions in Irish of the renowned poet from Kerala,  Scairt Feithide (An Sagart), Irish versions of the Korean poet Ko Un and the comic detective novel My Head is Missing.

  • WIS Single Visit Application Form
  • Writers in Libraries Application Form
  • Writers in Residence Application Form
pixel design